CluBeo - Ag spreagadh scoth na gceoltóirí

Is oíche do cheoltóirí úra é ‘CluBeo’ a bhíonn ar siúl ar an tríú Aoine de gach mí i dTigh Leo i Mín na Leice, Tír Chonaill. Is í Máire Ní Bhraonáin, duine de na ceoltóirí is clúití le teacht amach as Éirinn riamh, a chuir tús leis an tógra úr seo i gcuideachta le Dónal Mac Ruairí ó Raidió na Gaeltachta.

Is breá le Máire teacht ar ais go dtí a ceantar dúchais chomh minic agus is féidir léi, agus bíonn sí le cluinstin go minic i dteach tábhairne Leo, ar an stáitse céanna ar thosaigh sí féin ann na blianta ó shin.

Chuir Máire tús leis an tógra seo chun ardán a thabhairt do cheoltóirí nua, agus chun misneach agus spreagadh a thabhairt daofa. Bíonn Máire agus Dónal ann le tacaíocht agus comhairle a thabhairt do na ceoltóirí óga a théann ar ardán.

Bhí deireadh seachtaine iontach speisialta ar fad ann agus Meon Eile ag tabhairt cuairte ar an ‘CluBeo’.

Ní amháin go raibh scoth na gceoltóirí ann ar an oíche sin, ach sheol Niall Mac Eachmharcaigh dlúthdhiosca úr Mháire Ní Bhraonáin agus Chormaic de Barra, ‘Affinity’, an oíche ina dhiaidh.

Chomh maith leis sin uilig bhí an cheardlann bhliantúil de chuid Mháire agus Chormaic, ‘Voices an Harps’, ar siúl in Ionad Naomh Pádraig don deireadh seachtaine ar fad, le daoine ag taisteal chomh fada as an tSeapáin agus an Astráil le bheith ann.

Beidh an chéad ’Clubeo’ eile ar siúl an Aoine seo chugainn (19ú) i dTigh Leo i Mín na Leice

CluBeo
Close
Close