Clabhsúr ceolmhar le Féile na Bealtaine ag Raidió Fáilte

Bhailigh na sluaite le chéile i Raidió Fáilte ag bun Bhóthar na bhFál ar na mallaibh le deireadh Féile na Bealtaine a cheiliúradh le ceol ó Tunes Translated agus Mairéad Forde agus Cairde.

Is grúpa ceol iad Tunes Translated a bhíonn ag seinm amhráin ó chultúir éagsúla as achan chearn den domhan ach le huirlisí an cheoil Ghaelaigh.

Tá Séamus Mac Aindreasa ina Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail le Raidió Fáilte agus tá sé mar aidhm aige teagmháil agus caidreamh a dhéanamh leis na cultúir dhifriúla atá mar chuid de shaol Bhéal Feirste. Tá an sprioc seo i gcroílár pleananna an stáisiúin agus iad ag cur imeachtaí pobail ar siúl.

Is féile bhliantúil í Féile na Bealtaine i Raidió Fáilte a bhaineann leis na hiarrachtaí a bhíonn ar bun acu ceiliúradh a dhéanamh ar na seanfhéilte Gaelacha le linn na bliana: bíonn ócáidí ar siúl ag an stáisiún ag Imbolc, Lúnasa agus Samhain chomh maith.

Close
Close