Ceoltóirí Teaghlaigh - Clann Mhic Bhrádaigh

Le deireadh a chur le sraith s’againn ‘Ceoltóirí Teaghlaigh’, bhuail muid isteach chuig Clann Mhic Bhrádaigh i mBéal Feirste le píosa ceoil thraidisiúnta den scoth a chluinstin.

D’fhás an chlann ar fad aníos leis an cheol, agus le spreagadh óna dtuismitheoirí, lean gach duine acu ar aghaidh ag seinm. Thóg Ciarán Mac Brádaigh bothán ar chúl an tí le spás a chruthú dó féin agus don teaghlach seisiún ceoil a bheith acu am ar bith is mian leo.

Ag an seisiún a bhí acu dúinne bhí Ciarán ar an phíb uilleann, Christine ar an bhosca ceoil, Edel ar an fhidil, Tríona ar an bhainseó agus Fionntán ar an fheadóg stáin. 

Bhí an deis againn triúr acu a chur faoi agallamh agus labhair siad faoina n-óige ag fás aníos nuair a bhí ceol i gcónaí thart orthu agus thug siad cur síos ar na deiseanna iontacha a thug an ceol dóibh le linn a saoil.

Close
Close