An slua faoi dhraíocht ag Inni-K i mBéal Feirste

Tugadh cuireadh don cheoltóir cumasach as Cill Dara, 'Inni-K' nó Eithne Ní Chatháin, teacht agus seinm in Ionad Ealaíon an Duncairn i dtuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh. Ba é seo an chéad uair di a bheith ag seinm ann agus chuaigh sí i bhfeidhm go mór ar an slua.

Is ceoltóir agus amhránaí í Inni-K a cheolann i mBéarla agus i nGaeilge agus atá an-inniúil ar go leor uirlisí éagsúla, an giotár, an pianó agus an sintéiseoir ina measc. Chomh maith le díriú ar an amhránaíocht ar an seán-nós, bíonn réimse leathan seánraí á gcur le chéile aici, ceol indie agus ailtéarnach san áireamh.

Tá trí albam curtha amach aici go dtí seo: 'The King has Two Horse's Ears' 2015, 'The Hare & the Line' 2019 agus 'Iníon' 2022, agus is fiú am a ghlacadh chun éisteacht leo!

Tá Eithne agus a banna ceoil ar camchuairt faoi láthair agus tá siad le dul go Corcaigh, Cill Dara agus Contae Lú go fóill. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Inni-K agus a cuid ceoil anseo.

Close
Close