'Ceol Beirte' ag an Droichead

Bhí An Droichead lán go doras ar na mallaibh agus an ócáid 'Ceol Beirte' ar siúl ann mar chuid de Belfast Tradfest.

Ceoltóirí ag seinm ina mbeirteanna a bhí i gceist leis an oíche agus ina measc siúd a bhí ar ardán bhí: Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh ar an chonsairtín agus an fidil; Síle Denvir agus Barry Kerr ag canadh agus ag senim ar an ghiotár, feadóg mhór agus cláirseach; Dave Munnelly agus Steve Cooney ar an ghiotár agus bosca ceoil; agus Méabh O’Hare agus Ann Marie McCormach ar an fhidil.

Is í Meábh O’Hare a bhí ina bean an tí ar an cheolchoirm fosta.

Cé gur ceol beirte ba theideal don ócáid, tháinig an t-ochtar acu amach chun encore a dhéanamh agus ba mhór an sult a bhain an slua as an cheol ar fad.

Labhair Meon Eile le Claire Kieran ón Droichead agus le Ciarán ó Maonaigh agus Síle Denvir - tá bláisín den cheolchoirm iontach le fáil san fhíseán thuas.

Is feidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil ar An Droichead agus anseo le heolas a fháil ar Belfast Tradfest.

Close
Close