Ceolchoirm ar son na Palaistíne

Mar chuid de Scoil Gheimhridh Uí Chadhain a reáchtáil ar na mallaibh, d’eagraigh Glór na Móna ceolchoirm chun airgead a bhailiú do mhuintir na Palaistíne. Tiomsaíodh £2,000 ar deireadh.

I measc na nduaiseanna a bronnadh ag an raifil ar an oíche bhí bearradh gruaige le hAisling McCaffrey, bearradh gruaige le Jack’s Barbers, dearbhán ó Sól Sliotars, dearbhán do Bialann Loch Lao, seisiúin traenála le Joe McNally ó Spórtuil agus seisiún traenála le PJ Black, dhá thicéad chuig Gradaim NÓS, pictiúr ón ealaíontóir Farad O’Neill agus roinnt earraí Palaistíneacha.  

Cuireadh an t-airgead a bailíodh chuig UNRWA na Náisiún Aontaithe a bhí faoi ionsaí le déanaí ag na meáin a mhaígh go raibh baint ag baill na heagraíochta le Hamas. Ina ainneoin sin, tá an charthanacht ainmnithe do Dhuais Nobel na Síochána.

Bhí naonúr ceoltóirí ag seinm ag an ócáid, mar a bhí Fergus O’Hare, Gráinne Holland, Edel Ní Churraoin, Conor Caldwell, Stiofán Ó Lochrán, Jack Warnock, Niamh Nic Ionnrachtach, Brendan Kerr, agus ba é Torby a chuir clabhsúr ar an seó.

D’fhreastail Meon Eile ar an cheolchoirm agus labhair muid ina dhiaidh le hEoghan Ó Garmaile ó Ghlór na Móna a bhí iontach sasta leis an imeacht.

Close
Close