'Ceol na Sióg' - ceolchoirm dhraíochta ar camchuairt

Chuir an t-amhránaí Gráinne Holland an cheolchoirm ‘Ceol na Sióg’ ar siúl ar na mallaibh in Aonach Mhacha. Bhí na ceoltóirí Stíofán Ó Luachráin agus Seosamh Mac Cathmhaoil Mac Ardail in éineacht léi fosta.

Scríobh Gráinne an leabhar amhrán ‘Ceol na Sióg’ in 202 agus is iad An tSnáthaid Mhór a d’fhoilsigh. Leabhar agus dlúthdhioca a bhí ann bunaithe ar an dúlra, mar aon leis na sióga agus na hainmhithe a chónaíonn ann.

D’éirigh go maith leis an leabhar agus ó shin tá roinnt ceolchoirmeacha déanta aici. 

Seó le hamhránaíocht agus scéalaíocht bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann atá ann. Deir Gráinne go bhfuil sí ag iarraidh suim daoine óga i stair agus cultúr na hÉireann a spreagadh agus go mbeidh siad féin ag iarraidh iad a chaomhnú don todhchaí fosta.

Beidh an seó ‘Ceol na Sióg’ le feiceal ar fud na tíre: Beidh sé ar taispeáint mar chuid d’Fhéile an Earraigh i mBéal Feirste, ag Féile na Bealtaine sa Daingean agus ag Féile Imram na nÓg i nDún Laoghaire. 

Beidh siad i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 11rn agus 1in amárach agus tráthnóna Dé Sathairn ag 2in.

Is féidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil. Agus anseo leis an físeán ‘Ceol na Sióg: Leabhar Amhrán agus Dlúthdhiosca’.

Close
Close