CEOL 2017 le hEoghan McDermott seolta go hoifigiúil aréir

Seoladh an dlúthdhiosca CEOL 2017 le hEoghan McDermott go hoifigiúil aréir in Óstán Copper Face Jacks i mBaile Átha Cliath.

Bhí scaifte breá i láthair agus an stáisiún raidió 2FM ag céilúradh le cóisir d’éisteoirí an Eoghan McDermott Show.

Bhí ceol beo ó The Blizzards, a rinne taifeadadh ar amhrán do CEOL 2017, agus bhí an DJ iomráiteach John Gibbons ag seinm ar an oíche chomh maith.

Chuir Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá an dlúthdhiosca CEOL 2017 le chéile i gcomhpháirt le RTÉ 2FM.

Chuir an Conradh tús leis an togra ceoil seo siar sa bhliain 2005 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus tá dlúthdhiosca eisithe acu achan bhliain ó shin. 

Agus rud eile speisialta faoi na dlúthdhioscaí seo ná go mbíonn siad ar fáil saor in aisce!

I measc na gceoltóirí atá le cluinstin ar CEOL 2017 tá Picture This, Walking On Cars agus Gavin James, Gabrielle Aplin ó Shasana agus Matt Simons ó na Stáit Aonaithe.

Bhí muid Meon Eile i láthair aréir - seo blaiseadh beag den cheol agus den chraic



Close
Close