Celtic Connections 2018 - The Friel Sisters & Co.

Bhí Celtic Connections, an fhéile mhór cheoil thraidisiúnta agus dhomhanda, ar siúl i nGlaschú ar na mallaibh, í ag ceiliúradh 25 bliana ar an fhód.

Ardán don cheol Ceilteach é a mheallann na sluaite ó achan chearn den domhan agus a chuireann fáilte roimh os cionn 2,000 ceoltóir ar feadh 18 lá.

Chuaigh Meon Eile anonn go Glaschú chun bualadh le roinnt de cheoltóirí na féile.

Chas muid leis na ceoltóirí cumasacha Gaelacha, Ciaran Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Cathal Ó Curráin, a bhí ag an fhéile i gcuideachta The Friel Sisters. 

Tá ceangal láidir ag na Friel Sisters le Contae Dhún na nGall, mar is de bhunadh an chontae a dtuismitheoirí. 

Ag fás aníos, is iomaí samhradh breá a chaith siad i nGaeltacht Thír Chonaill i gcuideachta a muintire, áit ar chuir siad aithne ar cheoltóirí an cheantair, daoine ar nós Chlann Uí Mhaonaigh.

Tá Anna, Shelia agus Claire ag gabháil don cheol ó bhí siad óg - is píobaire í Shelia, seinneann Claire an fhidil agus seinneann Anna an fheadóg mhór.

Bronnadh ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ ar Claire Friel ní ba luaithe sa mhí ag Gradam Ceoil TG4, agus é tuilte go maith aici.

Tá albam úr eisithe ag na deirfiúracha dar teideal ‘Before the Sun’ agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi anseo:

The Friel Sisters ANSEO

Ciaran & Caitlin ANSEO

Cathal Ó Curráin ANSEO

Close
Close