Ceiliúradh na Snodach

Is teaghlach cruthaitheach iad Clann Uí Snodaigh atá lán scríbhneoirí, filí, ealaíontóirí agus ceoltóirí a raibh ócáid speisialta acu i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Is é Pádraig, foilsitheoir aitheanta, an t-athair agus, in éineacht lena chúigear mac Rónán, Rossa, Aengus, Colm agus Feargus, bhí sé i láthair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar nua an teaghlaigh ar fad. 

Le linn na dianghlasála choinnigh muintir Uí Snodaigh iad féin gnóthach. Scríobh Pádraig sé leabhar; scríobh Rossa trí leabhar do pháistí; scríobh Rónán leabhar agus chuir sé albam le chéile; scríobh Colm dhá leabhar agus rinne Fergus féilire. Ní raibh leabhar Aengus réidh don seoladh agus, mar sin, is é a bhí ina fhear tí don ócáid. 

Fuair bean chéile Phádraig, agus máthair na ndeartháireacha, Cliodhna Cussen, bás le déanaí agus mar sin bhí sé tábhachtach don teaghlach teacht go Béal Feirste chun a gcuid oibre a sheoladh le chéile. Mar a dúirt Rónán “bhí grá ag mo thuismitheoirí don chathair, tháinig muid anseo an t-am ar fad mar pháistí”.

Labhair Meon Eile le Pádraig, Rossa agus Rónán Ó Snodaigh agus tá blaisín den seoladh san fhíseán thíos.

Tá na leabhair ar fad a seoladh ar an lá le fáil ó shuíomh Coiscéim.ie

Close
Close