Bhí Féile AerachAiteachGaelach ar siúl i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine mar chuid d’Fhéile Ealaíon na gCúig Lampaí. Ceann de na chéad imeachtaí a bhí ar an chlár ná ceardlann filíochta leis an fhile mór le rá, Ciara Ní É.
Tháinig daoine le chéile i gceantar na gCúig Lampaí agus bhí seans acu filíocht nua a dhéanamh agus aiseolas a fháil ar dhánta a bhí scríofa acu cheana féin.
Is é Eoin McEvoy Stiúrthóir an ghrúpa ealaíon AerachAiteachGaelach, agus bhí deis ag Meon Eile labhairt leis faoi na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl acu mar chuid den fhéile.
Is scríbhneoir aitheanta é Eoin fosta agus labhair sé linn faoin cheardlann agus an dóigh ar thaitin sé leis. D’inis sé dúinn fosta faoin tábhacht a bhaineann le pobal a chruthú trí na healaíona, go háirithe le spás sábháilte a chruthú don phobal LADTA+.
Labhair Ciara Ní É linn fosta faoina haistear féin leis an fhilíocht agus faoin chaidreamh idir na Gaeil agus an litríocht mar shochaí.
Bíonn Ciara ag eagrú oíche filíochta darb ainm REIC fosta agus beidh sin ag titim amach arís mar chuid d’Fhéile na gCúig Lampaí Dé hAoine 17 Aibreán. Téigh anseo le tuilleadh eolais a fháil.
