Bhí Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste lán de bhrí an cheoil oíche Dé hAoine agus ceardlann ‘Ceol na hAfraice’ á héascú ag Wilson Magwere.
D’eagraigh Ceathrú Cheoil na bhFál an t-imeacht mar chuid dá Fleadh Fringe, sraith imeachtaí ceolmhara a cuireadh le chéile le sceitimíní a mhéadú i measc an phobail agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Béal Feirste ag tús mhí Lúnasa.
Cuireadh fáilte roimh chách, idir óg agus aosta, le páirt a ghlacadh sa cheardlann. Ní hamháin go bhfuair a raibh i láthair blaiseadh de roinnt uirlisí ar nós an djembe agus an mbira, ach mhúin Wilson – arb as an tSiombáib ó dhúchas dó – píosa dóibh faoi chultúr agus stair a thíre. Ba í an phríomhtheachtaireacht a bhí á scaipeadh ag Wilson le linn na ceardlainne ná gur daoine uilig muid, cibé dath craicinn atá orainn.
Labhair Brian Mac An tSionnaigh ó Ionad Uíbh Eachach linn faoin cheardlann agus faoi na cúiseanna ar cuireadh ar siúl í. Chuala muid ó bheirt, Nina agus Cian, a bhí páirteach sa cheardlann fosta.

