Cartlann Ghradam Ceoil TG4 - ag cothú oidhreacht cheoil thráidisiúnta agus amhránaíochta na tíre

Bhí Gradam Ceoil TG4 ar siúl i mBéal Feirste cois cuain i mbliana.

Ba é an chéad uair riamh do Ghradam TG4 a bheith ar siúl sna Sé Chontae, agus is i mBéal Feirste a bheas na gradaim as seo go cionn ceithre bliana.

Breis agus 1,500 duine a bhí i láthair agus duaiseanna - lámhdhéanta ag an dealbhóir cumasach John Coll - á mbronnadh ar chuid de na ceoltóirí traidisúnta is fearr dá bhfuil ann.

Is ar an cheoltóir aitheanta Frankie Gavin a bronnadh Gradam Ceoil TG4 2018.

Chomh maith le Frankie, bronnadh gradaim ar an amhránaí as Gaeltacht Mhúscraí, Máire Ní Chéilleachair, ar an cheoltóir óg as Albain Clare Friel, ar an fhliúiteadóir as Ros Comáin Patsy Hanly, ar bhanna píob The Field Marshall Montgomery agus ar an saineolaí ar thraidisiún amhrán Oirialla, Pádraigín Ní Uallacháin.

Thósaigh Gradam Ceoil TG4 amach in 1996 agus tá fás mór tágtha air ó shín.

Mar chuid den chéilúradh i mbliana, fógraíodh go mbeidh TG4 ag obair i gcomhpháirtaíocht le Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA), le cartlann an ghradaim a dhigitiú, a chatalógú agus a chur ar fáil don phobal in Éirinn agus ar fud an domhain ar líne. 

Beidh an tionscadal beo ar líne Samhradh 2018.

Close
Close