Bua an cheoil agus damhsa ag Fleadh Dhún na nGall

Bua an cheoil agus damhsa ag Fleadh Dhún na nGall

Bhí scaifte breá i láthair d’Fhleadh Dhún na nGall a bhí ar siúl i nGort a’ Choirce i mbliana. Bhí meascán idir óg agus aosta, ó achan chearn den chontae ag glacadh páirte sna comórtais thar an trí lá.

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Fleidhe, Mícheal Ó Dubhcháin, go raibh ‘tábhacht mhór bainteach leis na Fleadha chun an t-aos óg a spreagadh agus an ceol a chur chun cinn’.

Labhair mé le cúpla tuismitheoir ar an lá fosta, Maghnus Ó Duibhir ina measc. Bhí seisean den tuairim chéanna go raibh féilte mar seo riachtanach chun cultúr agus traidisiún na hÉireann a chothú agus an teanga a choinneáil slán fosta.

Bhí léar mór comórtas ar siúl thar an deireadh seachtaine idir amhránaíocht, scéalaíocht, damhsa, ceol uirlise agus buíonta ceoil mairseála.

An rud is mó a thug mé faoi deara ná an bua ceoil agus damhsa atá fán chontae le go leor den aos óg ag glacadh páirte i níos mó na comórtas amháin.

Bhí deireadh seachtain ar dóigh ann agus moladh mór ag gabháil don choiste don tsár-obair a rinne siad.

Beidh Fleadh Dhún na nGall ar ais i nGort a’ Choirce an bhliain seo chugainn arís.

Fleadh Dhún na nGall 2014
Close
Close