Brighde Chaimbeul & Edel Ní Churraoin - Fleadh Feirste


Tá na sár-cheoltóirí Brighde Chaimbeul agus Edel Ní Churraoin lonnaithe i gCathair Bhéal Feirste.

Is as an Oileán Sgitheanach in Albain ó dhúchas do Bhrighde agus bronnadh réimse duaiseanna uirthi i mbliana as a halbam ‘The Reeling’ a fuair ardmholadh ó na criticeoirí ceoil.

Is as Conamara d'Edel ach tá sí ina cónaí i mBéal Feirste le blianta beaga anuas. Tháinig an bheirt le chéile mar pháirt d'Fhleadh Feirste le déanaí, áit ar chuir siad oíche ghalánta cheoil ar fáil don phobal. 

Bhí Meon Eile i láthair chun labhairt leo faoi na naisc láidre idir ceol na hÉireann agus ceol na hAlban agus faoin tábhacht atá lena bhforbairt sa lá atá inniu ann...

Close
Close