Borradh Buan ag coinneáil na Gaeilge beo

Féile Borradh Buan ag coinneáil an Ghaeilge beo / Sarah de Búrca

Bhí Féile ‘Borradh Buan’ ar siúl i mBaile Munna, Baile Átha Cliath, le coicís anuas. Cuireadh tús leis an fhéile i mbliana ar 15 Deireadh Fómhair agus chríochnaigh sé ar 27 Deireadh Fómhair.

Tosaíodh ‘Borradh Buan’ naoi mbliana ó shin chun an Ghaeilge agus an cultúr a spreagadh i measc an phobail áitiúil. Is in amharclann Axis i mBaile Munna a bhí na himeachtaí á reachtáil agus rinne an lucht eagraithe cinnte de go raibh féilire lán acu arís i mbliana.

Bhí Sarah de Búrca i láthair nuair a léirigh Branar an dráma ‘Spraoi’.

Bhí drámaí agus filíocht ó shaothair Samuel Beckett ar siúl Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair agus chríochhaigh an fhéile i mbliana ar an Satharn le cheoldráma mór le ceoltóirí agus amhránaithe as gach cearn den tír.

Close
Close