Bia, ceol agus cuideachta sa Duncairn

Bhí ionad an Dunairn i dTuaisceart Bhéal Feirste lán daoine ar na mallaibh agus an t-imeacht Sing for your Session’ ar siúl ann i gcomhar le foireann Levis Corner House’ a tháinig an bealach ar fad ó Bhaile an Dá Chab, Corcaigh.

Bhí bia thar barr ar fáil ó Iarthar Chorcaí agus é roinnte i measc na dtáblaí, rud a spreag comhrá agus cairdeas idir gach duine a bhí i láthair. Le linn an bhéile bhí seans ag an slua dul ós comhair an lucht féachana agus amhrán a chanadh. 

Atmaisféar fáiltiúil neamhfhoirmeálta asprioc a bhí ag an fhoireann, a mhínigh Diarmuid Wolfe ó Levis Corner House, agus d’éirigh leo sin a chruthú gan aon amhras.

Labhair Meon Eile le Liadan Kaminska, atá ar fhoireann an Duncairn, faoin tábhacht a bhain leis an imeacht agus iad ag cothú pobal Gaelach i dTuaisceart Bhéal Feirste.

Bhí an ceoltóir mór le rá, Sinéad McKenna, i láthair ar an oíche fosta agus dinis sí dúinn faoin dóigh a dtógann an ceol le chéile muid.

Close
Close