Béal na Péiste – Úrscéal nua le Fionntán de Brún

Seoladh Béal na Péiste, úrscéal nua leis an Ollamh Fionntán de Brún, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Is úrscéal é Béal na Péiste atá suite idir Beirlín agus Contae an Dúin le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus níos moille sna hochtóidí i mBéal Feirste. Leanann muid an príomhcharactar, Réamann Prút, sa scéal seo a thógann muid mar léitheoir siar agus chun tosaigh fríd na bliantaí i gcuimhne s’aige.

Bhí slua breá i láthair ag an seoladh sa Chultúrlann, Meon Eile san áireamh. Labhair muid le Fionntán féin faoin bhunsmaoineadh taobh thiar den úrscéal, le Caitlín Nic Íomhair a sheol an leabhar agus le Dónall Mac Giolla Chóill a bhí mar fhear an tí ag an imeacht. Bhí lúcháir orthu uilig an slua iontach a fheiceáil le chéile ar mhaithe leis an litríocht.

Close
Close