Banna Céilí Loch Lao ag seinm ag Ollscoil na Ríona

Banna Céilí Loch Lao ag seinm ag Ollscoil na Ríona

Bunaíodh Banna Céilí Loch Lao trí bliana ó shin, agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin.

Bíonn siad ag seinm ar fud an tuaiscirt ach go mór mór i mBéal Feirste ag bainíseacha, imeachtaí comhlachta, cóisireacha agus mar sin de.

Is iad na príomh-spriocanna atá acu ná:

1. Déagóirí níos sine agus daoine fásta óga i gcraobh CCÉ Loch Lao a choinneáil leis an gceol.

2. Cur chun cinn an cheoil agus damhsa tráidisiúnta i measc an phobail go léir. Déanann siad céilíthe Éireannacha agus Albanacha, agus tá súil acu damhsa seit a thosnú go luath.

3. Fuaim na mbannaí céilí ó na 30í agus 40í a athchruthú, a lán ceoltóirí ag seinm réimse mór uirlisí.

Bhuail Meon Eile le bainisteoir agus ceannasaí an bhanna, mar aon le fear an tí chun tuilleadh a fháil amach faoin méid atá ar bun acu…

Banna Céilí Loch Lao

Is iad baill an ghrúpa ná:

Catherine Nic Cú Uladh (Ceannasaí) – feadóg mhór

Liam Mac Cú Uladh, Pearse Mooney – píopaí

Fearghal Leyden – bosca ceoil

James Carson, Francis Carson – drumaí

Aodhán McKenna, Deirbhile Leyden, Bronagh Muldoon, Aisling Carson – fidil

Aoibhin McKenna, Niamh Murray – méarchlár

Close
Close