Is ócáid aitheanta í Oíche Chultúir a mheallann na sluaite i gcónaí agus a dhéanann ceiliúradh ar chultúir, cruthaitheacht agus na healaíona, ach ní achan duine a aontaíonn le coincheap na hoíche.
Thug Bríd Ó Gallchoir, ealaíontóir agus Stiúrthóir Aisling Ghéar, compántas drámaíochta Gaeilge atá lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste, léacht ar na mallaibh faoin teideal conspóideach ‘Ba chóir deireadh a chur le hOíche Chultúir’.
Tá Bríd den bharúil go bhfuil ‘fimíneacht’ i gceist leis an oíche agus go ndeireann sé leis an phobal go bhfuil domhan na n-ealaíon faoi bhláth, rud nach dtagann leis na staitisticí maoiniúcháin.
Tugann an Ríocht Aontaithe an méid is lú maoinithe do na healaíona san Eoraip, agus is é Tuaisceart na hÉireann a thugann an méid is lú airgid i ndiaidh Shasana, na Breataine Bige agus na hAlban.
Idir 2024/25, chaith an Tuaisceart níos lú ná £6 per capita ar na healaíona, i gcomparáid le níos mó ná £25 ó dheas, rud a dhéanann an earnáil ‘neamh-inbhuanaithe’, dar le Arts Matters NI, comhghuaillíocht ealaíontóirí a dhéanann feachtasaíocht ar son na n-ealaíon.
Is mar gheall air seo uilig a shíl Bríd gur chóir deireadh a chur leis an imeacht ‘Oíche Chultúir’, ach ní mian léi bearna a fhágáil ina háit. Ba mhaith le Bríd oíche mhalartach a chur ar bun, eagraithe ag ealaíontóirí agus mar agóid in éadan na gciorruithe agus an ‘dímheas’ atá léirithe ar earnáil na n-ealaíon ó Thuaidh.