Arán & Im: seó blasta bríomhar le Manchán Magan

Is scríbhneoir agus léiritheoir é Manchán Magan a chuir tús leis an seó Arán & Im níos mó ná ceithre bliana ó shin.

Idir an dá linn chuaigh sé ar camchuairt leis ar fud na tíre agus thar lear, agus tá sé anois á léiriú arís aige in ionaid éagsúla in Éirinn.

Ní hamháin go dtugtar léargas ann ar chultúr agus ar theanga na hÉireann, ach deir Machán gur feidir le pobail idirnáisiúnta tuiscint a bhaint as chomh maith.

Is seó éagsúil é Arán & Im ina bhfuil meascán de dhráma, caint agus ceardlann a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge i saol na tíre. Baineann Machán úsáid as plúr agus uisce chun arán a dhéanamh ar an ardán agus iarrann sé ar an lucht féachana cuidiú leis an t-im a mhaistreadh. Is bealach sultmhar idirghníomhach é chun focail ar leith Ghaeilge, mar aon lescéaltaí ó stair na hÉireann, a chur os comhair an tslua.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an seó spéisiúl greanmhar a fheiceáil. Beidh Arán & Im ar cuairt ag roinnt amharaclann agus aonad thart ar an tír sna míonna amach romhainn. Tapaigh an deis é a bhlaiseadh.

Tá tuilleadh eolais air le fáil anseo.

Close
Close