Ar chúl an cheamara - le Mairéad Ní Mhaonaigh

An tseachtain seo tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ‘Ar chúl an cheamara’ leis an cheoltóir agus fidléir cumasach Mairéad Ní Mhaonaigh.

Tá Mairéad ar dhuine de na ceoltóirí is mó in Éirinn ariamh agus clú uirthi ar fud an domhain mar phríomhcheoltóir sa ghrúpa ‘Altan’ agus mar cheoltóir aonair chomh maith.

Rugadh agus tógadh Mairéad i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill lena deartháir Gearóid agus a deirfiúr Anna.

Is iníon í le Francie agus Kitty Uí Mhaonaigh. Fidléir den scoth a bhí ina hathair agus spreag sé an teaghlach agus go leor eile fán cheantar chuig an cheol.

Thug Seán cuairt ar Mhairéad i teach s’aici i dTír Chonaill.

Labhraíonn Mairéad leis faoina cuimhní ag fás aníos i nGaeltacht Thír Chonaill, an port ‘Ten Penny Bit’ agus faoi chuideachta Brad Pitt agus Dolly Parton…

Ar chúl an cheamara - le Mairéad Ní Mhaonaigh
Close
Close