Tá an fadscannán úrnua Gaeilge, Aontas, i ndiaidh taisteal ar fud na cruinne chuig neart féilte scannán sa tSín, i Meiriceá, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin. An tseachtain seo chugainn, áfach, beidh Aontas á thaispeáint i gCathair Dhoire, ag Féile Scannán an Fheabhail, Dé Satharn an 29 Samhain.
Scríofa ag Damian McCann agus Sarah Gordon, agus stiúrtha ag Damian chomh maith, tá cliar chlúiteach chumasach le feiceáil ann ó thús deireadh, amhail Carrie Crowley, Bríd Brennan, Eva-Jane Gaffney, Seán T. Ó Meallaigh, Art Parkinson agus Marcus Lamb. Leanann an scéal triúr ban agus iad i mbun robáil ar chomhar creidmheasa faoin tuath. Ní leanann an scannán struchtúr traidisiúnta: téitear siar in am agus feictear an méid a tharla roimh an eachtra féin.
Tá an chomhpháirtíocht agus cairdeas thar a bheith tábhachtach do Damian, agus is féidir sin a fheiceáil óna shaothar go dtí seo. D’oibrigh Seán T. agus Bríd Brennan le Damian agus lena chomhghleacaithe roimhe seo ar an fhadscannán Doineann (2021). Chomh maith leis an chliar, tá comhpháirtíocht sa chriú thar a bheith tábhachtach fosta. Bhí Damian agus léiritheoir Aontas, Órfhlaith Ní Chearnaigh, sa ghrúpa oiliúnaithe chéanna de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus ó shin ar aghaidh tá siad ag obair go dlúth lena chéile. Is iar-oiliúnaí í Stiúrthóir an Dara hAonad, Rosie McNally, agus eagarthóir an scannáin, Sorcha Nic Giolla Mhuire, chomh maith.
Bhí an deis ag Meon Eile freastal ar thaispeáint Aontas ag Cineworld i mBéal Feirste ar na mallaibh. Bhí cúpla cúis cheiliúrtha taobh thiar den ócáid. Cuireadh an t-imeacht ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2025 agus bhí sé mar chuid de chomóradh 20 bliain den Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus 25 bliain d’Fhéile Scannán Bhéal Feirste.
Is féidir ticéad a fháil don taispeáint i nDoire ar an 29 Samhain anseo. Beidh Damian agus Sarah i láthair le haghaidh C&F ina dhiaidh.
Is é Púca Pictures a léirigh an scannán agus thug An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, TG4 agus BBC Gaeilge maoiniú dó.


