Ealaíontóirí prionta ag Raidió Fáilte

Bhí ceol le cluinstin agus ealaín le feiceáil i stiúideonna Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus ionadaithe ón Belfast Print Workshop ar cuairt ann ar na mallaibh. Bhí na healaíontóirí ann lena gcuid saothar a thaispeáint agus le ceachtanna a chur ar fáil don phobal faoin dóigh leis an ealaín chló a dhéanamh. 

Labhair Meon Eile le Dónall Mac Billín ón Belfast Print Workshop a rinne cur síos ar na priontaí iontacha a bhí ar taispeáint. Deir sé gur imeacht an-tábhachtach a bhí ann do na healaíontóirí nach raibh in ann mórán oibre a fháil le linn na dianghlasála.

Tá tuilleadh eolais faoin Belfast Print Workshop le fáil anseo.

Close
Close