Aoife Ní Mhuirigh - ealaíontóir óg dinimiciúil

Aoife Ní Mhuirigh -  ealaíontóir óg dinimiciúil

Is ealaíontóir óg dinimiciúil as Béal Feirste í Aoife Ní Mhuirigh atá tar éis a céad taispeántas ealaíne, ‘Scathanna Farraige’, bheith aici sa Chultúrlann in iarthar Bhéal Feirste le gairid.

Chaith Aoife tréimhse i Sasana ag freastal ar Choláiste Ealaíne Hereford. Is anseo a chuir sí go mór lena stíl agus a ceird mar ealaíontóir.

Tá curtha síos ar a stíl ealaíne go bhfuil sí suaimhneach agus cumhachtach araon, gur stíl í a insíonn scéal fiáin álainn an tírdhreacha trí mheán na huigeachta agus na ndathanna.

Chaith Aoife go leor ama i nDún na nGall lena teaghlach agus í ag fás aníos agus tá sé soiléir go bhfuil dlúthchuimhní a hóige mar spreagadh mór ina cuid saothar.

Tá dúil mhór aici i saothar de chuid James Turner, mar tá sé dírithe ar scathanna farraige chomh maith.

Is duine modhúil í Aoife. Ta sí ar ais anois ina cathair dhucháis agus í ag cur lena cuid oibre i rith an ama.

D’éirigh go hiontach lena céad taispeántas agus is cinnte go gcluinfear níos mó faoin ealaíontóir óg seo sa todhchaí.

Aoife Ní Mhuirrigh
Close
Close