An Tóstal ar ais ar Bhóthair na Trá

Sa bhliain 1953 bhunaigh Bord Fáilte ‘An Tóstal.’ Is éard a bhí ann ag an am ná coincheap chun gnéithe áirithe de chultúr agus de thraidisiún na hÉireann a chur chun cinn ar fud na tíre agus chun fás agus forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht. Spreagadh gach baile chun imeachtaí a chur ar siúl sa choicís dheireanach de mhí Aibreán. Bhí ‘An Tóstal’ ar an fhéile is mó in Éirinn ag an am agus bhí fáil ar stampaí Tóstal chomh maith le cártaí poist, bratacha agus neart eile. An imeacht is mó a bhí ag an Tóstal ná an Chraobh Náisiúnta Rás Currach agus mheall sé níos mó ná 60,000 duine ar fud na tíre go Gaillimh chun an rás seo a fheiceáil.

Bhain an lá saoire bainc i mí na Bealtaine stair amach sa bhliain 2011 nuair a d’fhill An Tóstal ar ais go Bóthar na Trá i nGaillimh tar éis níos mó ná 50 bliain. D’oscail an triúir fhir a bhain an craobh amach sa bhliain 1955 an Tóstal go hoifigiúil sa bhliain 2011; deartháireacha Bartley agus Padraig Flaherty agus Raymon Jimmy McDonagh.

I mbliana bhí An Tóstal ar ais i nGaillimh don tríú bliain i ndiaidh a chéile ar an 26 Bealtaine tar éis é a chur ar athló ar an 05 Bealtaine mar gheall ar an aimsir agus bhí neart ag tarlú. Bhí comórtas caisleán gainemah, damhsa ar an sean-nós, ceol beo agus ar ndóigh an imeacht mór; Craobh na Rásaí Currach, le tráchtaireacht dhátheangach beo ar an láthair.

I mbliana ghlac foirne ó Dhún na nGall, na hoileáin Árainn, Connemara, Ciarraí agus contae an Chláir páirt sna rásaí.

An Tóstal ar ais ar Bhóthair na Trá / Sarah de Búrca

Seo a leanas na torthaí;

Fir Sinsir

Babhta Ceannais:

An Chéad Áit

Ard Mhóir (Currach #3)

  • Joe Rua
  • Pádraig Canavan
  • John Joe Donoghue

An Dara hÁit

An Cheathrú Rua (Currach #2)

  • Michael Ó Cualáin
  • Ciarán Ó Cualáin
  • Jason Ó Cualáin

An Tríú hÁit:

Doire Fheartha (Currach #1)

  • John Paul Ó Flatharta
  • Antaine Ó Catháin
  • Tomás Ó Catháin

An Ceathrú hÁit

Inis Mhic Kenna (Currach #4)

  • Michael Loftus
  • Shane Mac Donnacha
  • Dominic Thornton

Mná Sinsir

An Chéad Áit

An Cheathrú Rua/Clare (Currach #2)

  • Annie Lee
  • Ann Potter
  • Leah Sullivan

An Dara hÁit

Camp (Currach #3)

  • Eileen Quirke
  • Breda Quirke
  • Kathleen McGonagle

An Tríú Áit

Clare Castle (Currach #3)

  • Mary Marnon
  • Suzanne Quinn* Kerry Power

An Ceathrú hÁit

Rosmuc (Currach #4)

  • Áine Mannion
  • Máire-Bríd Breathnach
  • Máire Bán

Is léir go bhfuil draíocht de shaghas éigín ag an fharraige agus faoi láthair tá Féile Mara na Gaillimhe ar siúl i nGaillimh.

Chomh maith le sin beidh geallta bád ar siúl i mBáile Átha Cliath ar an 15 Meitheamh agus beidh fáilte roimh chách. Tá níos mó eolais le fáil ar an ngeallta bád i mBaile Átha Cliath ar an leathanach facebook dublincurrach.

Close
Close