Preabfhéile ag an ‘University of Atypical’

Is carthanas ealaíne é an ‘University of Atypical’ a chuidíonn le daoine faoi mhíchumas trí fhoirmeacha éagsúla ealaíne, ó dhrámaí go ceol, na hamharc-ealaíona agus eile.

Achan bhliain bíonn féile acu, Bounce, i lár Bhéal Feirste a thugann seans do na daoine seo tallann s’acu a thaispeáint ar an ardán mór.

Déantar imeachtaí ag Bounce chomh hinrochtana agus is féidir do lucht féachana atá faoi mhíchumas agus bodhar, ach tá rudaí ann do gach duine.

Tá an fhéile iontach dóibh siúd a bhfuil intinn oscailte acu agus tuiscint ar thallann chruthaitheach éagsúil uathúil.

Bhí Meon Eile ag an fhéile i mbliana agus bhí craic ar dóigh againn ann, mar a bhí ag gach duine a bhí páirteach.

 Le níos mó eolas a fháil ar ‘Ollscoil an Neamhghnáith’, féach na sonraí seo thíos:

 https://universityofatypical.org    Fón: 028 90239450    Rphost: [email protected]

 Le níos mó eolas a fháil ar Streetwise, gabh chuig:

http://www.sccni.co.uk      Fón: 028 90687828

Close
Close