An nasc ceoil fós láidir idir Éire agus Albain

Tháinig an fidléir aitheanta ó Chontae an Lú, Gerry O’Connor, agus an t-amhránaí agus clairseoir ó Ghlaschú, Mary Ann Kennedy, le chéile ag an deireadh seachtaine chun ceolchoirm a dhéanamh i gCultúrlann MacAdam Ó Fiach.

Ceiliúrann siad an nasc stairiúil idir cultúr na hÉireann agus na hAlban, iad ag meascadh amhrán agus fonn ar an bhfidil agus clairseach, le Mary Ann i mbun amhránaíocht Ghaelach. Is iomaí rud atá i gcoiteann ag na tíortha, ach go háirithe a n-oidhreacht Ghaelach.

Chas Gerry agus Mary Ann ar a chéile nuair a bhi siad ag obair ar thionscadal Ceilteach darbh ainm Fiddle Rendezvous, agus tá siad ag seinnt lena chéile anois is arís ó shin. Is minic a bhíonn an Gael Albanach le cloisteáil nó le feiceáil sna meáin, í ag láithriú cláracha ar BBC 3 chomh maith le Sruth na Maoile ar Raidió na Gaeltachta gach Luan.

Labhair Meon Eile leis an mbeirt chun níos mó a fháil amach faoin nasc seo.

An nasc ceoil fós láidir idir Éire agus Albain / Fearghal O Maolagain
Close
Close