An leabhar “The Men Will Talk to Me” seolta i mBéal Feirste

Seoladh an leabhar “The Men Will Talk to Me” ag ócáid speisialta i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.

Tugann an leabhar seo léargas ar an choimhlint ó thuaidh ag tús an chéid seo caite, trí shúile na ndaoine a bhí gníomhach inti.

Labhair na daoine seo go hionraic oscailte leis an réabhlóidí Poblachtánach Ernie O'Malley faoina gcuid éachtaí, cé nach raibh cuid acu sásta labhairt lena dteaghlaigh féin faoin méid a rinne siad agus faoin méid a chonaic siad le linn an Chogaidh Cathartha.

Le cuidiú ón staraí Tim Horgan, chuir mac le Ernie, Cormac, an leabhar seo in eagar in ómós d'athair ag baint úsáid as nótaí a scríobh sé ag an am.

Close
Close