Gaeil in 100 tír le páirt a ghlacadh in #TrasnaNadTonnta

Sheol an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, an feachtas idirnáisiúnta #TrasnaNadTonnta i gceannáras Twitter i mBaile Átha Cliath Dé Luain.

Seo í an tríú bliain don fheachtas ar chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) agus Coimisiún Fulbright na hÉireann tús leis in 2017, agus tá sé ag bailliú nirt ó shin.

Seoladh breis agus 10,000 tvúit leis an haischlib #TrasnaNadTonnta anuraidh, ó bhreis is 80 tír, ón Spáinn go dtí an tSeapáin agus níos faide i gcéin arís.

Táthar ag súil go mbeidh cainteoirí Gaeilge in 100 tír páirteach san fheachtas i mbliana, a bheidh ar siúl go dtí Dé hAoine.

Chomh maith leis sin tugadh le fios Dé Luain gur seoladh an 3,000,000ú tvúit as Gaeilge agus gurbh é an t-iriseoir óg Aindriú de Paor, a sheol.

Tá an t-eolas sin bunaithe ar thaighde an ríomheolaí Kevin Scannell faoi úsáid na Gaeilge ar Twitter.

Ceithre bliana ó shin a seoladh an milliúnú giolc Gaeilge ar Twitter, ag an chomhlacht Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. 

Close
Close