An Féileacán agus an Rí

Is seanscéal ársa é ‘An Féileacán agus an Rí’ atá á insint in Éirinn le breis is míle bliain anuas. Scéal ar leith atá ann ina n-iompaítear Éadaoin ina féilecán chun í a scaradh óna grá geal, Mír.

Tá an scéal draíochtúil álainn seo anois athscríofa ag an údar aitheanta Máire Zepf agus ealaín curtha leis ag Shona Shirley MacDonald. Agus a ndearadh agus a nuashonrú déanta acu ar an scéal ach é go fóill dílis don bhunleagan.

Nuair a léigh an cóiréagrafaí, Clara Kerr, an scéal den chéad uair, spreagadh í chun damhsa agus seó iomlán a chumadh le foireann damhsóirí s’aici. Le tamall anuas tá Máire ag comhoibriú le Clara leis an seó damhsa bunaithe ar an scéal a chur ar ardán. Beidh na trí fhoirm ealaíne ag teacht le chéile sa chomhoibriú seo: Maire ag léamh an leabhair, ealaín Shona ar an scáileán agus na damhsóirí ar an stáitse.

Thug Meon Eile cuairt ar chleachtadh ina raibh daltaí ó Ghaelscoileanna áitiúla i láthair. Bhí deis againn blaisín a fháil den seó agus labhairt leo siúd atá páirteach ann.

Beidh an seó damhsa ‘An Félieacán agus an Rí’ ar ardán Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Sathairn 7ú ag 3in agus Dé Domhnaigh 8ú de mhí Mhárta ag 2.30in. Tá ticéid, ar £5, le fáil anseo. Beidh seoladh an leabhair féin ann roimh an seó.

Dé Luain 9ú Márta ag 7in beidh an seó ar siúl i Músaem Daonchultúir agus Iompair Uladh, agus tá na ticéid le fáil anseo.

Thig libh tuilleadh eolais a fháil faoin seó agus faoin leabhar anseo.

Close
Close