An Chéad Bhliain de SOMA Gaeilge

Tá an fhéile SOMA á reáchtáil i gCaisleán Uidhilín ón bhliain 2013. Féile lán ceoil, ceardaíochta, damhsa, scéalaíochta agus staire í seo i lár Bheanna Boirche, Contae an Dúin.

I mbliana, don chéad uair riamh, cuireadh clár iomlán imeachtaí Gaeilge ar siúl dóibh siúd a bhí ag freastal ar an fhéile.

Tháinig Gaeil ó fud fad na tíre chun sult a bhaint as REIC, an G-Spota, Pop Up Gaeltacht nó dhó, dianchúrsa teanga agus tuilleadh.

D'eagraigh SOMA Gaeilge an clár leathan imeachtaí le Glór Uachtar Tíre agus le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge agus Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.

Close
Close