An 14ú Féile Scannán na hÉireann / Mheiriceá Laidinigh ar siúl sa Droichead

Bunaíodh Féile Scannán na hÉireann / Mheiriceá Laidinigh i 2000, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin, ag clúdach ábhar éagsúil i mionteangacha agus á reachtáil trí mheáin na Gaeilge.

Bhuail Meon Eile le Tadhg Ó Cruadhlaoich chun a fháil amach faoi chúlra na féile, na príomhspriocanna agus aidhmeanna atá acu, agus neart eile ina measc…

An 14ú Féile Scannán na hÉireann / Mheiriceá Laidinigh ar siúl in An Droichead / Fearghal Ó Maolagáin

Seo chugaibh an blaisín do Palestine in the South, a bheas le feiceáil in An Droichead anocht, maraon le A Mexican Sound, Bonita – Ugly Bananas, agus rogha de Latin Shorts

Palestine in the South - Blaisín

I mbliana, tá béim ar stiúrthóir faoi leith, Muireann de Barra. Dar le Tadhg, “ba í an spreagadh don chéad fhéile”, nuair a rinne sí gearrscannán, Muralistas, agus nuair nach raibh áit ar bith aici é a thaispeáint.

Tá clár faisnéise ó Mhuireann darb ainm Water Rising le feiceáil san fhéile i mbliana, clár a craoladh don chéad uair ar TG4 an mhí seo caite. Seo chugaibh an blaisín do…

Water Rising - Blaisín

Beidh an fhéile ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn, agus tá sé ar intinn ag Tadhg clár speisialta a chur le chéile, le roinnt scannán a phléann an ceol i Meiriceá Laidineach chomh maith.

Close
Close