An 12ú bliain de 'Mela' i mBéal Feirste

Mheall an 12ú Féile Mela na mílte cuairteoirí chuig Garraithe na Lus i ndeisceart Bhéal Feirste, in ainneoin na doininne, Dé Domhanigh 26ú Lúnasa.

Tá an fhéile seo - atá bunaithe ar an fhocal Sanscraite ar 'cruinniú' nó 'teacht le chéile' - anois ar cheann de bhuaicphointí i bhféilire na bliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar ilchineálacht chultúrtha na tíre.  

Bhí na garraithe athraithe go huile is go hiomlán go páirc mhór dhraíochta líonta le híomhánna, fuaimeanna agus blasanna idirnáisiúnta ón Áise agus ó áiteanna eile ar fud an domhain.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá chun cuid den atmaisféar a bhlaiseadh.  

Close
Close