'Úrchill an Chreagáin' le Dàibhidh Stiùbhard

Ag tús na bliana d'éisigh Dàibhidh Stiùbhard a chéad albam, An Sionnach Dubh, ar a bhfuil meascán d'amhráin thraidisiúnta agus amhráin nuachumtha.

D'fhás Dàibhidh aníos i gContae Thír Eoghain, áit ar fhoghlaim sé a chéard mar amhránaí. Tá éachtaí iontacha bainte amach aige le blianta beaga anuas agus tá aithne mhaith air sa dúiche agus fud fad na tíre anois mar amhránaí traidisiúnta. 

Theagasc Dàibhidh Gáidhlig na hAlbam dó féin agus tá sé anois ag foghlaim na Gaeilge. 

Ceann de na hamhráin atá ar An Sionnach Dubh ná 'Úrchill an Chreagáin', agus rinne Dàibhidh léiriú iontach de do Meon Eile.

Más maith leat éisteacht le halbam Dhàibhidh nó chun tuilleadh eolais a fháil faoin cheoltóir óg seo as Lár Uladh, thig leat sin a dhéanamh anseo.

Close
Close