‘Amhráin na Gealaí’: Tionscadal Phoebe Bridgers

Bhí Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste lán go doras ar na mallaibh don imeachtAmhráin na Gealaí: Tionscadal Phoebe Bridgers’ a bhí mar chuid den Fhéile Litríochta IMRAM agus Féile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise.

Aistríodh amhráin le Phoebe Bridgers, ceoltóir Meiriceánach a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, ó Bhéarla go Gaeilge agus cuireadh iad ós comhair an tslua. Is iad ó Jessie Dingle agus Aoibha achan na hamhráin agus iad beirt ina leantóirí móra de chuid Bridgers.

Labhair muid le Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, faoin smaoineamh taobh thiar de na tionscadail seo a thosaigh in 2009 le Tionscadal Bob Dylan.

Is í Eithne Carson a bhí i mbun Tionscadal Taylor Swift’ le IMRAM agus a mholl don fhéile tabhairt faoi amhráin Bridgers. Cheol sí amhrán de chuid Taylor Swift ar an oíche agus labhair sí linn faoin tairbhe a bhaineann sí as na hamhráin is fearr léi a chur os comhair lucht féachana trí mheán na Gaeilge.

onn Jessie Dingle ag seinm sa bhanna ceoil Jessie and the Veil de ghnáth agus labhair sí linn faoin dóigh a n-athraíonn na hamhráin agus iad aistrithe go Gaeilge. 

Mhol sí fosta an t-amhránaí Aoibha, a dfhoghlaim na hamhráin i nGaeilge don oíche cé nach bhfuil Gaeilge líofa aici. Tá Jessie den tuairim gur sampla iontach í Aoibha den tionchar dearfach a bhíonn ag na tionscadail cheoil seo agus go bhfuil éacht bainte amach ag IMRAM agus iad ag spreagadh na Gaeilge trí na healaíona.

Close
Close