Altan - 30 bliain ag fás


Is grúpa ceoil idirnáisiúnta Gaelach iad Altan, a chuireann béim ar cheol traidisiúnta Thír Chonaill.

Bhunaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus a fear céile, Frankie Kennedy, nach maireann, Altan sna 80í, nuair a d'éirigh siad beirt as an mhúinteoireacht agus d’imigh siad leis an cheol go lánaimseartha.

Fuair Frankie bás go tragóideach den ailse sa bhliain 1994, ach lean Mairéad agus na baill eile leis an cheol agus chuir siad tús le Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy in ómós don sár-cheoltóir.

Bhí Altan ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód anuraidh agus, mar chuid den cheiliúradh, d’eisigh siad albam úr dar teideal 'The Gap of Dreams’.

Chomh maith leis sin, tá cnuasach ceoil foilsithe acu, agus 222 port dá gcuid curtha i gcló i leabhar dár teideal, ‘Altan: The Tunes’.

D’fhág an grúpa ceoil clúiteach slán ag 2018 le ceolchoirm spleodrach in Amharclann Ghaoth Dobhair, a bhí a reachtáil mar chuid den Scoil Gheimhridh ar an mallaibh.

Chuaigh ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill siar ar bhóithrín na smaointe le príomhcheoltóir Altan, Mairéad Ní Mhaonaigh…

Close
Close