Albam nua ag Inni K

I mí Márta, sheol Inni K albam nua s’aici, ‘The Hare & The Line’, sular thosaigh sí ar camchuairt thart ar an domhan leis an eisiúint úr a chur chun cinn.

Is ceoltóir agus amhránaí í Inni K, aka Eithne Ní Chatháin, a bhíonn ag ceol i mBéarla agus i nGaeilge agus atá an-chumasach ar a lán uirlisí éagsúla.

Bhuail Meon Eile le hEithne sa Black Box i mBéal Feirste le labhairt faoin albam nua agus leis an cheolchoirm an-phearsanta a fheiceáil. 

Tá an dá dhlúthdhiosca ag Inni K ar díol i siopaí neamhspleácha agus ar a suíomh gréasáin www.inni-K.com. Thig leat éisteacht léi ar BandCamp agus Spotify chomh maith.

Close
Close