Chuir an popcheoltóir Lisa Murray gig ar siúl sa Belfast Barge ar na mallaibh agus í ar chamchuairt náisiúnta lena céad albam, ‘Abhaile’, a sheoladh le tacaíocht ó Eve Belle.
Tá fuaim Lisa spreagtha go mór ag roinnt popcheoltóirí móra, amhail Taylor Swift, Sabrina Carpenter agus Gracie Abrams, ach is é a scéal pearsanta atá le cluinstin i líricí na n-amhrán ar an albam seo. Scríofa go dátheangach aici agus léirithe aici féin agus ag Cian Sweeney, leanann ‘Abhaile’ éispéireas Lisa thall i Londain; bhog sí ann roinnt blianta ó shin ach d’aithin sí de réir a chéile nach raibh saol na cathrach móire thar sáile uaithi agus go raibh an Ghaeilge á cronú go mór aici. Pléann an t-albam leis na mothúcháin seo agus lena filleadh ansin ar a háit dúchais, Baile Ghib, Contae na Mí.
Agus Lisa ag labhairt le Meon Eile roimh an ghig, luaigh sí ceann de na teachtaireachtaí a bhaineann leis an albam – is é sin nach dteipeann ar an té a fhilleann ar a bhaile i ndiaidh dó bogadh go tír eile.
