Ailtire i nDoire ag foghlaim Gaeilge trí mheán na healaíne

Is ailtire é Tom Cosgrove as Doire a thosaigh ag foghlaim Gaeilge ceithre bliana ó shin mar gheall ar thionchar a mhamó, arbh as Cnoc Fola i nGaelthacht Thír Chónaill di.

Le linn na chéad dianghlasála thosaigh sé ag cruthú dearaí as Gaeilge taobh amuigh den obair ailtireachta le cuidiú leis féin an Ghaeilge a fhoghlaim. Anois tá réimse mhór dearaí déanta aige ó shin agus iad uilig ar fáil ar a shiopa Etsy ar líne.

Deir Tom go gcuidíonn an ealaín leis foghlaim níos gaiste mar gur féidir leis nasc a dhéanamh idir na focail Ghaeilge agus na focail Bhéarla le híomhánna. Taitníonn dathanna bríomhara leis ina chuid ealaíne fosta agus spreagann cúrsaí an ghnathshaoil é ina chuid oibre.

Is féidir na dearaí a fheiceáil agus a cheannach ar shiopa Etsy Tom anseo.

 

Close
Close