Scéal an amhráin nua 'Nothing at all' le Brendan Quinn

Tá amhrán úr seolta ag Brendan Quinn, ceoltóir as Béal Feirste. Thosaigh Brendan ag bualadh ceoil nuair a bhí sé 18 mbliana d'aois agus tá sé á dhéanamh aige ó shin. Thosaigh sé ag scríobh amhrán le linn na dianghlasála, thaifead sé iad agus anois tá siad á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Labhair Brendan le Meon Eile faoin spreagadh a fuair sé chun an t-amhrán 'Nothing at all' a scríobh. Thar bhreis agus 10 mbliana ba le linn a ama shaoir mar mhúinteoir a dhírigh Brendan ar an cheol ach ansin rinne sé an cinneadh tabhairt faoin cheol go príomhá. Anois, tá sé i lár EP a chríochnú agus beidh sé ar fáil go luath.

Tá ceol Bhrendan le fáil ar Spotify, iTunes agus Amazon Music.

Close
Close