500,000 ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana: an slua is mó i stair na Fleidhe

Is i nDroichead Átha i gCo. Lú a bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbliana, áit ar bhailigh an slua ba mhó i stair na Fleidhe: os cionn 500,000 cuairteoir ó cheoltóirí óga agus aitheanta go turasóirí agus neart eile ina measc.

Chuir Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn tús oifigiúil le féile na bliana seo agus bhí na mílte i láthair le fáilte a chur roimhe agus roimh a bhean chéile Sabina.

Thug an Taoiseach, Leo Varadkar, cuairt ar an baile Dé Sathairn, agus bhí ardmholadh aige don choiste agus muintir na háite i gcoitinne.

Bhí ócáid den scoth ann ó thús deireadh ina ndearnadh ceiliúradh ar an cheol traidisiúnta, idir chomórtais, cheardlanna, cheolchoirmeacha agus chéilithe.

Bhí Meon Eile i lár an aonaigh arís i mbliana mar sin seo chugaibh blaiseadh beag d'Fleadh Cheoil na hÉireann 2018!

Close
Close