'15 nóiméad' á léiriú ag Accidental Theatre don phobal

'15 nóiméad' á léiriú ag Accidental Theatre don phobal / Sarah de Búrca

Is í an aidhm atá ag Accidental Theatre, atá lonnaithe i mBéal Feirste, ná amharclanna nua i dTuaisceart na hÉireann a fhorbairt agus a chinntiú go bhfuil a gcuid léiriúchán ar ardchaighdeán.

Bíonn drámaí nuachumtha chomh maith le sean-drámaí á léiriú ag Accidental Theatre a mbíonn meascán mór seánraí le feiceáil ar stáitse acu chomh maith le drámaí beo fuinniúla.

Anuraidh shocraigh Accidental Theatre deis a thabhairt d’amhaclanna ar fud na tíre an tallann a bhí acu a léiriú ar stáitse i bhforim dhrámaí a mhair 15 nóiméad.

D’éirigh go hiontach leis agus shocraigh siad é a thabhairt ar ais i mbliana. Bhí ‘15 nóiméad’ ar siúl thar dhá oíche i Halla Uladh agus bhí ocht ndráma ar siúl san iomlán.

Bhí meascán idir ghreann clasaiceach agus dhrámaí níos dorcha agus tromchúisí le feiceáil. Is féidir leat dul chuig suíomh Accidental Theatre chun níos mó eolais a fháil futhú.

Close
Close