‘Anam na Teanga’ – Sean agus Nua

‘Anam na Teanga’ – Sean agus Nua
‘Anam na Teanga’ – Sean agus Nua / Sarah de Búrca

Sheol an Dochtúir Fionntán de Brún an cnuasach gearrscéalta, Anam na Teanga, atá curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí ag ócáid speisialta i nGaeláras Mhic Ardghail in Iúr Chinn Trá Déardaoin 2 Bealtaine. Is bailiúchán de dhá scéal déag atá sa leabhar seo le meascán den sean agus nua. Is é Cló Iar-Chonnacht atá lonnaithe i gConamara a d’fhoilsigh Anam na Teanga.

Tá gearrscéalta le roinnt de mhór-údair na Gaeilge sa leabhar; Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais agus Peigí Rose ina measc.

Tá cabhair ar fáil do léitheoirí, daltaí ach go háirithe, sa leabhar freisin, le nótaí cuimsitheacha ón eagarthóir dóibh siúd a bhfuil fonn orthu feabhas a chur ar a gcuid scileanna critice. Tá Anam na Teanga le fáil ar líne ó Cló Iar-Chonnacht.

Bhí Scoil Samhradh Cholm Cille 2013 ar siúl an tseachtain seo caite agus chríochnaigh sé ar an Domhnach le turas bliantúil go Droim Ceatt agus bhí Comhdháil na bhFilí ar siúl freisin.

Tháinig daoine le chéile chun scéalaíocht agus filíocht a phlé agus bhí neart ceoil agus craic ann chomh maith. Beidh níos mó faoi Scoil Samhradh Cholm Cille ar Meon Eile amárach.

Close
Close