Ó Óméith go Rann na Feirste - Coláiste Bhríde ag comóradh an chéid

Le filleadh an Fhómhair, tá laethanta na gcoláistí samhraidh anois mar chuimhne cheannúil i n-inchinní lucht na scoile.

Tá cuimhne faoi leith á cheiliúradh in Óméith an Fhómhar seo agus 100 bliain imithe ó bhunaíodh Coláiste Bhríde (Rann na Feirste) sa cheantar.

Agus Gaeltacht Ó Méith Mara ag dul i léig ag tús an chéid seo caite, bunaíodh an choláiste mar chuid d’iarracht an Ghaeilge a athneartú sa phobal i 1912. Faraor, níor éirigh leis an phroiséis athneartaithe.

Sa bhliain 1926, cinneadh an choláiste a aistriú go Rann na Feirste i dTír Chonaill. Tháinig borradh ar Choláiste Bhríde anseo, agus é anois aitheanta ar cheann de mhór choláistí na tíre.

Mar chuid d’chomóradh chéad bliana Choláiste Bhríde, d’eagraigh muintir Oirialla sraith imeachtaí in áit a mbunaithe.

Seo blaiseadh ón chéad chuid den chomóradh. Labhair lucht a fhreastalaithe faoi stair an choláiste sa cheantar, a gcuimhní féin i Rann na Feirste agus faoi shean chanúint oirdheischeart Chúige Uladh….

Coláiste Bhríde Ómeith

Mar dara chuid den chomóradh ar an Iúir an deireadh seachtaine seo caite, thug an Dr. Ciarán Ó Duibhín léacht – ‘Thigeadh siad go Óméith’ ag cur síos ar bhunú an Choláiste. Bá in Iúir Chinn Trá a tháinig smaoineamh síolraithe an choláiste.

Imeachtaí an deireadh seachtaine

Léanfaidh an tríú chuid de mhór cheiliúradh an chéid in Ó Méith Mara an deireadh seachtaine seo agus beidh foireann Meon Eile ar an láthair le blaisiú eile den chomóradh a chur ar fáil daoibh an tseachtain seo chugainn.

Close
Close