Éigse Loch Laoi – Ómós do Chlann Mhic Grianna

Éigse Loch Laoi – Ómós do Chlann Mhic Grianna

Rinneadh Éigse Loch Lao a reachtáil ar champas Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar na mallaibh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain. Bá é téama na bliana seo ná saothar liteartha Chlann Mhic Grianna.

Rinne lucht léinn an nasc idir traidisiún dúchasach na Gaeilge agus traidisiún athbheochana na Gaeilge i mBéal Feirste a chíoradh agus a chomóradh.

Bronnadh Gradam Mhic Ádhaimh ar Mháirtín Mac Grianna, fear a chaith na blianta ag cur chun cinn na Gaeilge sa chathair agus ag teagasc litríocht a mhuintire i gCumann Chluain Ard agus in Ollscoil Uladh.

D’fhreastal Meon Eile ar an Éigse agus labhair muid leis an lucht eagraithe agus le Máirtín Mac Grianna faoi shaothar na nGriannach agus faoin cheangal idir Gaeltacht Thír Chonaill agus Béal Feirste…

Éigse Loch Laoi / Shane Ó Curraighín
Close
Close