Hawk-Eye: An gcuireann sé isteach ar chluichí?

Fógraíodh foireann sárimreoirí na mban ag ócáid cheiliúrtha in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath ar 12 Samhain.

Bhí craobh measartha conspóideach imeartha i mbliana agus neart cainte faoin chinneadh deireanach a tógadh ag an Chluiche Ceannais de dheasca nach raibh Hawk-Eye i bhfeidhm.

Ní rud nua é Hawk-Eye agus ardphróifíl poiblí faighte ag an chineál teicneolaíochta lorgaireachta seo i dtaobh na leadóige le blianta fada anuas.

Baintear úsáid as Hawk-Eye i bPríomhshraith Shasana, Serie A na hIodáile agus i mBundesliga na Gearmáine agus, ó 2013, i bPáirc an Chrócaigh.

Go dtí seo, bhí Hawk-Eye in úsáid ag 36 cluiche i bPáirc an Chrócaigh agus é curtha i bhfeidhm 19 uair idir an pheil agus iománaíocht ach chan ag oiread agus ceann amháin de na cluichí de chuid Pheil na mBan go fóill.

Is cinnte gur dheimhnigh Contae na Reibiliúnaithe a stádas mar cheann de na foirne peile is fearr i stair na gcluichí i mbliana nuair a ghlac siad an séú chraobh i ndiaidh a chéile leo.

D’éirigh leo Corn Bhrendáin Uí Mháirtín a bhaint nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar a gcéilí comhraic, Baile Átha Cliath, le cúilín amháin i bPáirc an Chrócaigh níos luaite i mbliana.

D’adhmaigh imreoirí Bhaile Átha Cliath féin gur fhág siad lear mór scóranna ar an fháiche imeartha cé gur cluiche teann fíochmhar a bhí ann.

Ach ba í an cheist a bhí ag dó na géirbe d’achan uile dhuine ná cad chuige nach raibh Hawk-Eye in úsáid ag an chluiche thábhachtach Uile-Éireann seo?

Ba é an cinneadh a tógadh gan pointe Carla Rowe a cheadú atá anois ina chnámh spáirne.

Tá an chosúlacht ann go bhfuil Hawk-Eye ina chnámh spáirne ag cuid mhór as siocair nach mbíonn sé in úsáid ag cluichí na mban.

An gcuireann sé isteach ar na cluichí? An fiú an infheistíocht muna bhfuil sé in úsáid ag achan chluiche?

Deirtear go bhfuil Hawk-Eye anois mar dhlúthchuid de chóras feidhmithe na gcluichí ag an staidiam ach cén fáth nach raibh sé in úsáid ag an chluiche tábhachtach seo i mbliana?

An léiríonn sé nach bhfuil comhionannas idir Peil na mBan agus Peil na bhFear?

Cíoraíonn beirt anailísí spóirt na ceisteanna mórchúiseacha seo…

Hawk-Eye
Close
Close