Tuairimí na dTráchtairí : An Bhéaltriail

Cuirfidh Meon Eile tús inniu le sraith úr 'Tuairimí na dTráchtairí' ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thoipiciúla.

An tseachtain seo, is í an bhéaltriail atá á plé ag Michelle Nic Grianna agus ag Áine Ní Bhreisleáin a oibríonn beirt le Raidió na Gaeltachta.

Dúirt an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar na mallaibh go bhfuil athbhreithniú iomlán de dhíth ar an bhéaltriail Ghaeilge don Ardteistiméireacht ó dheas.

Dúirt COGG nach bhfuil measúnú cruinn á dhéanamh ag an scrúdú cainte faoi láthair ar chumas labhartha na ndaltaí.

Foilsíodh torthaí taighde a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta sa bhliain 2017 le déanaí agus léiríodh ann nár tháinig aon fheabhas ar chumas Gaeilge daltaí Ardteiste ardleibhéil, cé go dtugtar 40% de mharcanna an scrúdaithe don bhéaltriail ó bhí 2012 ann.

Dúirt COGG gur léir go bhfuil struchtúr an scrúdaithe cainte lochtach agus nach bhfuil béim curtha ar an ghnáthchomhrá sna scoileanna. 

Labhair Meon Eile le Michelle Nic Grianna agus le hÁine Ní Bhreisleáin chun a gcuid tuairimí ar an ábhar a fháil ...


Close
Close