Tugann Dubhán Ó Longán léargas dúinn ar an leabhar nua ‘Cuimhní Céid: Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín’.
Tá clú agus cáil (agus mí-chlú agus droch-cháil) ar bheathaisnéisí na Gaeilge agus ar an phlé a dhéantar ar shaol na Gaeltachta iontu. Ó cheann ceann na tíre, scríobhadh fir agus mná na Gaeltachta tuairiscí faoin tsaol a chaitheadh siad ina mbaile féin agus ar shiúl sna cathracha móra, ar an Lagán (mar a cuireadh ar an cheantar ó oirthear Dhún na nGall isteach go lár agus oirthear Uladh), in Albain nó Meiriceá fiú, agus iad ag cuartú an airgid agus a saibhris (rud a léirigh siad go maith nach raibh ina gceantar féin). Tháinig go leor de na leabharthaí seo amach ag pointí éagsúla i rith na haoise seo caite.
I gCiarraí, bhí Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers, agus Muiris Ó Suilleabháin ann. Phléigh siad saol ar an Bhlascaod Mhór go príomha, saol a bhí an-éagsúil le saol mhuintir na cathrach. Is minic a dhéantar tagairtí do bhochtaineacht, saol simplí soineanta, agus go leor eile mar sin. Is minic sa lá atá inniu ann, ámh, daoine ag maíomh nach raibh siad chomh soineanta is a chuireadh siad in iúl. Agus ceap milleáin í Peig bhocht cuid mhaith den am agus daoine ag cur na lochta uirthi ar an ábhar nach bhfuil Gaeilge acu féin.
I dTír Chonaill, is é Rotha Mór an tSaoil an leabhar is clúití agus Micí Mac Gabhann ag plé a shaoil ó Dhoire Conaire go dtí an Lagán, go hAlbain, agus go Meiriceá sular phill sé ar a cheantar dúchais. Sampla eile ó na Conallaigh ná Scéal Hiúdaí Sheáinín agus go leor de na téamaí céanna ann.
Chomh cosúil lena chéile cuid de na leabharthaí seo gur chum Brian Ó Nualláin an t-aoirleabhar An Béal Bocht, é ag maíomh nach bhfuil sna leabharthaí seo ach an scéal céanna arís agus arís eile. Ach tuigeadh domh ar na mallaibh go bhfuil go leor le foghlaim ón memoirgo fóill.
Foilsíodh Cuimhní Céid: Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín ar na mallaibh mar chuid den cheiliúradh agus céad bliain d’aois slánaithe aici. Tras-scríbhinn d’agallamh a chuir Eoghan Mac Giolla Bhríde (ar leis Éabhlóid) agus Éamonn Mac Fhionnghaile uirthi atá sa leabhar seo.
Rugadh Meaigí Eoghanaí sa bhliain 1926 ar Inis Bó Finne, dhá mhíle ar shiúl ó chósta Dhún na nGall. Tá Meaigí píosa maith níos óige ná na faisnéiseoirí eile thuas. Ní hionann sin agus é a rá nár tháinig athruithe móra ar an tsaol ó shin nó nár chóir dúinn suim a chur sa scéal. Rud a rith liom agus an leabhar seo i mo lámha ná go bhfuil rud le foghlaim i gcónaí fán tsaol mar a bhí. Mar atá leis na húdair thuas, pléann sí turas chuig an Lagán agus í ar fostó, chomh maith le saol ginearálta ar an oileán. Bánaíodh Inis Bó Finne sna hochtóidí agus shocraigh sí síos ar an tír mór. Neamhchosúil leis na leabharthaí eile, fágann óige Mheaigí Eoghanaí (i gcomparáid leis na faisnéiseoirí eile) go bhfuil pictiúirí go leor idir an dá chlúdach anseo, rud a chuireann go mór le cur síos Mheaigí ar an tsaol.
Pléann Meaigí Eoghanaí lena hóige, le caithimh aimsire, agus le cluichí ar an oileán. Agus muid ag gearán faoi dhaoine óga sa lá atá inniu ann, is fiú súil a chaitheamh ar chuid den diabhlaíocht a bhí ag na daoine ar an oileán seo fadó, iad ag goid agus ag bruith chearca an cheantair. ‘Scot’ an t-ainm a chuireann sí ar an chluiche seo de ghoideadh na gcearc, cluiche nár chuala mé iomrá air go dtí seo.
Ritheann sé liom, agus Meaigí Eoghanaí céad bliain d’aois anois, go bhfuil sí fada go leor (ó thaobh ama de) ón láthair go bhfuil ionraiceas ann, b’fhéidir, nach mbeadh ann sna 1930idíagus na bailitheoirí béaloidis ag gabháil thart – tá cúpla uair sa leabhar seo ina n-insítear scéal greannmhar ach Meaigí rud inteacht cosúil le ‘seans nár chóir domh an scéal seo a insint’ a rá ar dtús. Nach méanair dúinn gur mhothaigh sí suaimhneach go leor le fir na gceisteanna go bhfuil na scéalta sin againn?
Mar bhéaloideasóir, chuir mé féin an-suim sa phlé a dhéantar ar na nósanna nuair a fuair duine bás agus an plé ar Lá Fhéile Bhríde. Is iontach scéalta nua a fháil ón tréimhse sin a chuireann leis an méid atá ar https://www.duchas.ie/ga nó ar fáil i leabharthaí a foilsíodh roimhe.
Leabhar inmholta é seo a thugann spléachadh chéad phearsa ar chuid den tír mar a bhí agus is fiú é a bheith ar an tseilf agat. ‘Go maire tú an céad’ a deirtear go minic ag breithlá duine. Tá an t-éacht sin curtha de Mheaigí Eoghanaí Nic Pháidín ach go maire a scéal beo tríd an leabhar seo agus go maire ár ndúil sa tseanchas agus san oidhreacht.



