Plúr na peile romhainn ag buaic na bliana

Fearghal Mag Uiginn

Faoi bhláth arís atá an Pheil Ghaelach faoi na rialacha úra.

Faill ag Dáithí Ó Clúmháin Chiarraí a ardchumas peile is a réimse scileanna a léiriú mar is ceart agus mar is cóir os comhair an tsaoil ar an lá mór.

Deis eile ag Mícheál Ó Murchú Dhún na nGall a chruinneas agus a neart a nochtadh do dhomhan mór na peile ar an ardán is airde.

Tá scoith coimhlinte amach romhainn ar an Domhnach beag seo i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Ciarraí in éadan Dún na nGall agus plúr na bpeileadóirí ar an dá fhoireann.

An uair dheireanach a d’imir an dá chontae seo in éadan a chéile sa chluiche ceannais bliain déag ó shin, d’aimsigh na hUltaigh dhá scór déag, d’aimsigh na buaiteoirí aon scór déag (2-9).

Le dhá chluiche anuas tá 4-40 aimsithe ag Ciarraí agus 5-48 ag Dún na nGall!  

An córas úr scórála cuid den scéal sin ach is cinnte fosta go bhfuil beocht, iomaíocht is anam na peile ar ais linn, ábhar bróid a bhí ar iarraidh. Ní féidir am a mheilt ná cluiche a bhainistiú an oiread sin anois, rud a chuireann go mór le sult agus brí an chluiche. Tá sin romhainn ar an Domhnach.

Bíonn neamhchinnteacht i gceist chomh maith agus is deacra cluichí a thuar dá réir. Sin scéal mór an Domhnaigh – tá doiligh an dá fhoireann seo a scaradh ar pár.

Tá buanna ag foireann ar bith acu a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach agus is iomaí dóigh leis an chluiche seo a mheas is a chíoradh, achan dóigh acu níos suimiúla ná a chéile.

Ag Ciarraí atá an tosaí is cumhachtaí sa tír ach an leor é a cheansú leis an bhua a fháil? Cé a thabharfas faoi Dháithí Ó Clúmháin an iarraidh seo? Déarfainn gur Breandán Mac Giolla Chomhaill a bheas ann ach beidh meitheal oibre i gceist agus is minic mar sin a fhágtar tuilleadh fairsingeachta ag tosaithe eile – Seán Ó Sé, Diolún Ó Géibheannaigh agus ‘tosaí’ úr na Ríochta, Joe Ó Conchúir.

Ní annamh Pádaí Ó Clúmháin mar stiúrthóir ag Ciarraí agus tréan seilbhe aige.  Beidh sé cinniúnach cé dó a dtabharfar an dualgas sin ar an Domhnach. Bheadh an luas ag Eoghan Bán dó.

Agus ó rinneadh trácht ar an luas… tá luas na himeartha ag dul a bheith cinniúnach, go háirithe leis an chur chuige a bhíonn ag Dún na nGall ó thiontú na seilbhe. Ar shiúl cosa in airde láithreach bonn a bhíonn an madadh beag caorach sin as Cill Chárthaigh, Rian Mac Aodha, agus na sluaite ina chuideachta, Ciarán Ó Móra, Peadar Ó Mocháin, Caolán Mac Colgain – “niamhrach an radharc” más as Dún na nGall thú!    

Tá luas ag Ciarraí le cos a choinneáil leo – Gabhán de Faoite, Brian Ó Beaglaoich, Gréachán Ó Súilleabháin ach an mbeidh gá le himirt na nUltach a mhoilliú? Gan aird fhear na feadóige as Cill Dara, Breandán Ó Crualaoich, a tharraingt? Beidh a ról lárnach féin le himirt ag an laoch crua.

Ní féidir luach a chur ar an chic amach a bhaint. Barrthábhachtach, ríthábhachtach a bhuí le luach na seilbhe. Is minic gurb ionann seilbh na liathróide agus scór ag na foirne seo. Táthar ann a mhaíonn go bhfuil an lámh in uachtar, más ar éigean, ag Dún na nGall fá lár na páirce agus go gcuirfear fáisc ar chic amach Sheáin Uí Riain Chiarraí go luath is go rialta. Liathróid fhada go lár na páirce an toradh - Aodh Mac Pháidín, Ciarán Mac Thomáis agus Mícheál Ó Langáin sa mhullach ar Sheán Ó Briain, Marc Ó Sé is Seosamh Ó Conchúir. Tá goile orm cheana féin! Splancanna, lorg na seilbhe, buillí móra, neamhchinnteacht, rí-rá is ruaille buaille. Nach breá linn é!

Leoga beidh éagsúlacht de dhíth ar an chic amach ag brath ar chur chuige na foirne eile agus ar an aimsir. Bíonn an dá chos in úsáid ag Ó Riain má ligtear dá chic amach gairid ach is cinnte go bhfuil éagsúlacht mhór ag Seán Ó Peatáin. Sa ghné sin den imirt, tá buntáiste beag ag na hUltaigh. Liathróid mhór go himeall na cearnóige, ag titim anuas ar an Pheatánach, sin scéal eile. Seans go mbainfidh Ciarraí triail as sin uair nó dhó.

Cumas scórála is cruinneas? Buntáiste ag Ciarraí a cheaptar ach is leithne an rogha scórálaithe atá ag Dún na nGall go dtí seo. Cothrom go maith.

Is féidir mionscrúdú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí eile ar an lá agus dá fheabhas an t-ullmhúchán is na pleananna, titfidh eachtraí amach sa chluiche ceannais seo nach raibh súil ag na bainisteoirí leo – gortú, cárta dubh, cárta dearg fiú, casadh na liathróide.  

Beidh cinneadh nó dhó cinniúnach le déanamh ag Jack Ó Conchúir agus ag Jim Mag Aonasa le linn an chluiche agus is iad na hathruithe a dhéantar, nó nach ndéantar, le linn cluiche na cinn is luachmhaire.  

Beidh tábhacht nach beag le tionchar na bhfear ionaid  – tiocfaidh Cillian Ó Spealáin isteach mar a thiocfaidh Tadhg Ó Muraile is dócha, Mícheál Ó Broin agus ní fios ach Pól Ó Géibheannaigh fiú?

Is mór an feabhas ar Chiarraí ó chluiche go cluiche mar a léiríodh i gcoinne Ard Mhacha agus Thír Eoghain. Níl rompu anois ach Ultaigh eile! Má thagann feabhas eile ar an Domhnach agus go háirithe má aimsítear an eangach cúpla iarraidh, beidh daor ar Dhún na nGall.    

Ach chítear dom gur fearr na roghanna atá ag na hUltaigh muna bhfuil cúrsaí ag dul mar ba mhian leo – Dáire Ó Baoill, Jason Mag Aoidh, captaen na foirne Pádraig Mac Briartaigh, Niall Ó Dónaill, Jamie Ó Braonáin, Caolán Mag Congail agus ar an ábhar sin is iad Dún na nGall atá mar rogha ‘neamhchinnte’ agam le Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thógáil don tríú huair agus aiséirí Mhíchíl Uí Mhurchú is filleadh Jim Mhig Aonasa a bheith mar sheanchas go deo.                      

Beidh plúr na peile le feiceáil, is cinnte sin.

Close
Close